Féile Drámaíochta na Scol

Comhghairdeas leis na cailíní ón gClub Gaeilge a ghlac páirt sa bhFéile Drámaíochta! Ba é teideal an dráma ná ‘Liam Wonka agus an Mhonarcha Seacláide’. Sa chéad bhabhta, bhíomar ar an stáitse i Scoil Chaitríona. Babhta Bhaile Átha Cliath a bhí ar siúl an lá sin. Bhí an bua againn agus ansin bhí orainn an dráma a dhéanamh sa Mhuileann gCearr i gContae na h-Iarmhí. Babhta do scoileanna i gCúige Laighean a bhí ar siúl. Chuamar ann ar an mbus inniu agus bhí sár-am againn!  Cé nach raibh an bua againn inniu, bhaineamar an-taitneamh as an lá. Dúirt an moltóir gur bhain sé sult as an dráma agus fuaireamar trophy eile don sár-obair! 

Míle buíochas leis na múinteoirí a bhí ag obair leis na cailíní – Ms. Dudgeon, Ms McKay agus Ms. Cusack. Rinne siad job den scoth! Go raibh míle maith agat, a Orla, freisin. Thug sí an-chabhair do na páistí ó thaobh na props agus na n-éadaí stáitse de. Rinne Mrs. Kearney na hataí áille do na hÚmpaí Lúmpaí! Iarracht foirne a bhí ann agus táimid an-bhródúil as gach duine!

20180307_154429

  • Archives